Faoi Eurofound
Is comhalta an Aontais Eorpaigh é Eurofound, an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú, ceann de na chéad fhorais a bunaíodh i réimsí speisialaithe um beartas AE. Go sonrach, bunaíodh é ag an gComhairle Eorpach (Rialachán ón gComhairle (CEE) Uimh. 1365/75 an 26 Bealtaine 1975) chun cur le pleanáil agus ceapadh dálaí maireachtála agus oibre níos fearr san Eoraip.
Cliceáil ar an gcnaipe seinnte chun féachaint ar fhíseán gearr faoi ról agus obair Eurofound. Fad reatha: 3 nóiméad 15 soicind.
Ról
Chun faisnéis, comhairle agus saineolas a sholáthar - ar dhálaí maireachtála agus oibre, ar chaidreamh tionsclaíoch agus conas athrú san Eoraip a bhainistiú - do príomhghníomhairí i réimse bheartas sóisialach an AE ar an mbonn d'fhaisnéis chomparáideach, taighde agus anailís.
Téamaí
- Fostaíocht agus dálaí oibre
- Cothromaíocht oibre-saoil
- Caidreamh tionsclaíoch agus comhpháirtíocht
- Comhtháthú sóisialta
Spriocghrúpa
- Fostóirí
- Lucht déanta beartas AE
- Rialtais
- Ceardchumainn
Trí phríomhthasc:
- athrú a mhonatóiriú is a thuiscint
- taighde agus measúnú a dhéanamh ar bhearta a oibríonn
- smaointí agus taithí a chur in iúl is a roinnt
