EWCS 2010 - Tosca fisiciúla
Difríochtaí i nochtadh na bhfear agus na mban do ghuaiseacha fisiciúla
Léiríonn an 5ú Suirbhé ar Dhálaí Oibre san Eoraip go mbíonn difríochtaí móra i nochtadh na bhfear agus na mban do ghuaiseacha fisiceacha. Tá na difríochtaí inscne seo fanta geall le seasmhach le himeacht ama.
An mbíonn tú nochta do chreathanna ó uirlisí nó innealra? (c23a)
Mar shampla, bíonn 33% d'fhir, ach ní bhíonn ach 10% de mhná, nochta do chreathanna go rialta, fad is a ndéanann 42% d'fhir, agus 24% de mhná, ualaí troma a iompar. I gcomparáid leis sin, déanann 13% de mhná daoine a ardú nó a bhogadh agus iad i mbun a gcuid oibre ach ní dhéanann ach 5% d'fhir a leithéid. Bíonn líon comhchosúil fear agus ban ag obair i bpoist thuirsiúla (48% agus 45% faoi seach), nó i bpoist ina ndéanann siad gluaiseachtaí athchleachtacha láimhe nó géige (64% agus 63% faoi seach), arb ionann iad agus na guaiseacha fisiciúla is coitianta freisin.
'Baineann sé seo, i bpáirt, leis an deighilt inscne atá le feiceáil go forleathan i mórán earnálacha go fóill. Mar shampla, is fir iad fíorthromlach na n-oibrithe san earnáil tógála cé gur mná iad an chuid is mó de na hoibrithe sa tionscal cúraim. Tá obair fhisiciúil á déanamh sa dá earnáil, ach tá sé de chineál éagsúil agus bíonn daoine á n-ardú nó á mbogadh mar chuid den obair go minic,' a deir Agnès Parent-Thirion, an ceann ar fhoireann Suirbhéanna agus Treochtaí Eurofound. 'Chomh maith leis sin, bíonn dálaí oibre éagsúla i gceist d'fhir agus do mhná laistigh de ghairmeacha uaireanta, mar shampla, toisc go mbíonn caidrimh dhifriúla ag leanaí le fir agus mná, bíonn ar mhúinteoirí naíscoile baineanna leanaí a ardú níos minice ná a gcomhghleacaithe fireanna', a deir sí freisin. Ó dhearcadh eile, tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara go bhfuil an 2 riosca is coitianta a bhaineann le staidiúir chomh coitianta i measc na bhfear is atá siad i measc na mban.
Tugann Uirlis Mhapála an tSuirbhé nua de chuid Eurofound rochtain iomlán duit ar na sonraí go léir sa 5ú Suirbhé ar Dhálaí Oibre san Eoraip, ina dtugtar léiriú grafach úsáideach agus tarraingteach ar na forbairtí i ndálaí oibre idir 1991 agus 2010.
Guaiseacha fisiceacha chomh dianseasmhach is a bhí riamh
Léiríonn an 5ú Suirbhé ar Dhálaí Oibre san Eoraip go bhfuil oibrithe Eorpacha fós chomh nochta do ghuaiseacha fisiceacha is a bhí siad 20 bliain ó shin. Mar shampla, iompraíonn oibrí amháin as gach triúr (33%) ualaí troma ar feadh aon cheathrú dá gcuid ama oibre ar a laghad, fad is a bhíonn duine as gach ceathrar (23%) nochta do chreathanna. Níor tháinig athrú ar cheachtar de na figiúirí sin ó 2000 i leith.
An mbíonn suíomhanna coirp tuirsiúla nó pianmhara i gceist le do chuid oibre? (c24a)
Cé go bhfuil mórán oibrithe san Eoraip i mbun oibre ina bhfuil saothar fisiciúil i gceist, ní bhaineann guaiseacha fisiceacha le hoibrithe láimhe amháin. Bíonn ar bheagnach oibrí amháin as gach seisear (16%) suíomhanna coirp tuirsiúla a ghlacadh (beagnach) an t-am go léir, agus bíonn ar dhuine as gach triúr (30%) a leithéid a dhéanamh idir aon cheathrú agus trí cheathrú den am. Sa bhreis air sin, is gné den obair iad gluaiseachtaí athchleachtacha láimhe nó géige do níos mó Eorpaigh anois ná mar a bhí 10 mbliana ó shin.
‘Bíonn obair fhisiciúil i gceist freisin i ngairmeacha san earnáil seirbhíse atá ag leathnú; mar shampla, bíonn airgeadóirí i mbun gluaiseachtaí athchleachtacha le haghaidh formhór a gcuid ama oibre', a deir Gijs van Houten, oifigeach taighde le Eurofound. ‘I ngach gairm d'fhéadfadh obair ard-déine cosc a chur ar oibrithe trealamh coisctheach pearsanta a úsáid chomh maith le gléasanna eirgeanamaíochta eile a d'fhéadfadh cuid den obair atá an-dian go fisiciúil a mhaolú’, a deir sé.
Tugann Uirlis Mhapála an tSuirbhé nua de chuid Eurofound rochtain iomlán duit ar an gcuid is mó de na sonraí sa 5ú Suirbhé ar Dhálaí Oibre san Eoraip, ina dtugtar léiriú grafach úsáideach agus tarraingteach ar na forbairtí i ndálaí oibre idir 1991 agus 2010.
