Féadann an pobal iarratas um rochtain ar cháipéisí Eurofound a dhéanamh. Feictear do Eurofound go bhfuil sé an-tábhachtach rochtain ar cháipéisí a thabhairt don phobal mar chuid dá bheartas chun pictiúr chomh soiléir agus is féidir a thabhairt faoi ghníomhachtaí Eurofound.
Síneadh Rialachán CE (Uimh)1049/2001, Bealtaine 2009 maidir le rochtain phoiblí ar cháipéisí inmheánacha Pharlaimint, Chomhairle agus Choimisiún na hEorpa, chun na gníomhaireachtaí a chlúdach i Meán Fómhair 2003. I mí an Mhárta 2004 ghlac Bord Riaracháin (anois Bord Rialúcháin) Eurofound rialacha feidhmúcháin (pdf, 91kb), chun an rialachán a chur i bhfeidhm.
Go ginearálta, deirtear i CE (Uimh) 1049/2001 go bhfuil ceart ag an bpobal ar rochtain ar cháipéisí neamhfhoilsithe inmheánacha Eurofound faoi réir na bprionsabal, coinníollacha agus teoireannacha a shainmhínítear sa rialachán.
Chun cabhrú leis an bpobal cáipéisí a d'fhéadfadh bheith ábhartha dóibh a aithint , forálann an rialachán go mbúnófaí clár de cháipéisí poiblí le naisc dhíreacha do na cáipéisí féin, chomh fada agus is féidir.
Is féidir cáipéisí eile a iarraidh; míníonn treoir ghearr conas do cheart ar rochtain a bhaint amach.
Tá cartlanna stairiúla Eurofound ar fáil do thaighdeoirí má dhéantar réamhshocrú.