An Suirbhé Eorpach ar Chuideachtaí 2009 (ECS) - Comhphlé Sóisialta

Comhphlé sóisialta sa láthair oibre

  • Thug beagnach ceithre chuideachta as gach deich gcinn (37%) tuairisc ar chineál institiúideach ionadaíochta d'fhostaithe, a chlúdaíonn níos mó ná 60% de na fostaithe
  • Tá níos mó ná beirt oibrí as gach triúr san AE clúdaithe ag comhaontú comhchoiteann pá: sa gheilleagar iomlán, is ionann an figiúr agus 69%, cé gurb ionann é agus 67% san earnáil phríobháideach léi féin
  • Is cosúil go bhfuil ionadaithe d'fhostaithe san Eoraip sásta i gcoitinne go bhfuil cultúr comhoibríoch maith maidir le hidirghníomhaíocht eatarthu agus an bhainistíocht ar bhunaíochtaí
  • Tá bainistíocht san Eoraip réasúnta dearfach, i gcoitinne, faoi éifeacht an chomhphlé sóisialta agus na hionadaíochta d'fhostaithe sa láthair oibre
  • Éilíonn 80% de na hionadaithe a cuireadh faoi agallamh go dtacaíonn na fostaithe lena gcuid oibre.

Tabhair faoi deara: Is i mBéarla amháin atá an físeán.