ECS 2013 - Ceistneoir
- български (bg)
- español (es)
- čeština (cs)
- dansk (da)
- Deutsch (de)
- eesti (et)
- ελληνικά (el)
- English (en)
- hrvatski (hr)
- italiano (it)
- latviešu valoda (lv)
- lietuvių kalba (lt)
- magyar (hu)
- македонски (mk)
- Malti (mt)
- Nederlands (nl)
- polski (pl)
- português (pt)
- română (ro)
- slovenčina (sk)
- slovenščina (sl)
- suomi (fi)
- svenska (sv)
- türkçe (tr)
Tá ceistneoir ardchaighdeáin ina gné ríthábhachtach le suirbhé rathúil a bhaint amach. Déanann Eurofound infheistíocht mhór lena cheistneoirí a fhorbairt. Rinneadh ullmhú mionsonraithe inmheánach ar cheistneoir an 3ú Suirbhé Eorpach ar Chuideachtaí.
Bhí sé bunaithe ar dhá dhoiciméad eolais, rudaí a d'ullmhaigh an creat coincheapúil don cheistneoir. Déileálann an chéad pháipéar le heagrú oibre agus rannpháirtíocht na bhfostaithe, agus déanann an dara ceann comhphlé sóisialta mar thiománaí de rannpháirtíocht díreach a phlé.
Ina theannta sin, rinneadh an ceistneoir a fhorbairt i ndlúth-chomhoibriú le grúpa forbartha ceistneoirí a bhí comhdhéanta de shaineolaithe ó thíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh ar an ábhar a bhaineann le suirbhéanna ina dtíortha féin, nó le tionscadal taighde ar fud na hEorpa, m.sh. MEADOW, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus bord rialúcháin trípháirteach Eurofound.
Mar chuid den phróiseas bhí réamhaistriúchán ó Bhéarla go Gearmáinis agus go Fraincis le cuidiú leis an gceistneoir foinse a thabhairt chun críche agus le réamhscrúdú a dhéanamh i dtrí thír.
Gné ríthábhachtach eile le rath de shuirbhé uile-Eorpach a chinntiú ná cáilíocht agus agus inchomparáideacht ne leaganacha teanga atá in úsáid i ngach tír. Léiríonn an modh oibre fairsing aistriúcháin a chuireann Eurofound agus a chonraitheoir i bhfeidhm an tábhacht a bhaineann le haistriúcháin ardchaighdeáin.
Is féidir na ceistneoirí foinse Béarla don agallamh Bainistíochta agus don agallamh Ionadaí Fostaithe a íoslódáil.