EQLS 2007: Torthaí
- български (bg)
- español (es)
- čeština (cs)
- dansk (da)
- Deutsch (de)
- eesti (et)
- ελληνικά (el)
- English (en)
- français (fr)
- hrvatski (hr)
- italiano (it)
- latviešu valoda (lv)
- lietuvių kalba (lt)
- magyar (hu)
- македонски (mk)
- Malti (mt)
- Nederlands (nl)
- polski (pl)
- português (pt)
- română (ro)
- slovenčina (sk)
- slovenščina (sl)
- suomi (fi)
- svenska (sv)
- türkçe (tr)
Forbhreathnú ar na torthaí
- Tá Eorpaigh sona sásta leis an saol i gcoitinne: ar scála ó haon go dtí deich, is ionann 7 agus meán an AE27 le haghaidh sásaimh saoil agus 7.5 an meán le haghaidh sonais;
- Tá difríochtaí móra le feiceáil in ioncaim theaghlaigh ar fud na hEorpa: san AE27, tá ioncaim na Bulgáire agus na Rómáine beagnach chomh híseal le hioncam na tíre is iarrthóra, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine; d'fhonn maireachtáil ar ioncam neamhleor, saothraíonn thart ar leath de na teaghlaigh uile san NMS12 agus CC3 (ach amháin an Chipir agus Málta) a gcuid bia féin;
- Bíonn páirt mhór ag an teaghlach i gcúram leanaí agus daoine aosta agus glaoitear ar bhaill teaghlaigh ar dtús i gcónaí i gcomhair tacaíochta pearsanta i gcás éigeandála; tuairiscíonn Eorpaigh leibhéil arda sásaimh lena saol teaghlaigh; caitheann mná níos mó ama i mbun gníomhaíochtaí cúraim agus dualgas tí ná mar a chaitheann fir go fóill;
- Bíonn sé deacair cothromaíocht oibre-saoil mhaith a bhaint amach agus is cosúil go mbíonn an líon is mó fadhbanna léi sin in oirdheisceart na hEorpa: sa Chróit agus sa Ghréig, deir beagán níos mó ná 70% de na saoránaigh a oibríonn go mbíonn siad ró-thuirseach le tabhairt faoi chúraimí tí cúpla uair sa mhí ar a laghad de bharr oibre;
- dúirt 81% de chónaitheoirí an AE go raibh sláinte mhaith 'fíorthábhachtach' do cháilíocht a mbeatha: ní mheasann ach 21% de dhaoine ar an meán go bhfuil sláinte 'an-mhaith' acu áfach;
- Nuair a iarradh orthu cáilíocht na sochaí a rátáil, fuarthas gurb iad na daoine in NMS12 oirthear na hEorpa – agus san Iodáil agus sa Phortaingéil – is lú a bhfuil muinín acu ina gcuid institiúidí polaitiúla. Tá an méid is mó muiníne ag saoránaigh na dtíortha Nordacha, agus na Tuirce, in gcuid institiúidí; léiríonn daoine sna tíortha Nordacha agus san Ísiltír na leibhéil is airde muiníne i ndaoine eile freisin.