EWCS 2010 - Ualú
- български (bg)
- español (es)
- čeština (cs)
- dansk (da)
- Deutsch (de)
- eesti (et)
- ελληνικά (el)
- English (en)
- français (fr)
- hrvatski (hr)
- italiano (it)
- latviešu valoda (lv)
- lietuvių kalba (lt)
- magyar (hu)
- македонски (mk)
- Malti (mt)
- Nederlands (nl)
- polski (pl)
- português (pt)
- română (ro)
- slovenčina (sk)
- slovenščina (sl)
- suomi (fi)
- svenska (sv)
- türkçe (tr)
Mar aon le i mbabhtaí den EWCS roimhe seo ní mór trí chineál ualaithe a chur i bhfeidhm chun a chinntiú gur féidir na torthaí atá bunaithe ar shonraí an 5ú EWCS a mheas mar léiriúchán ar oibrithe san Eoraip.
- Ualaí roghnúcháin dóchúlachta
Mar gheall ar an mbealach a bhfuil an próiseas samplála deartha, tá seans níos fearr go roghnófar daoine i dteaghlaigh ina bhfuil níos lú oibrithe don sampla ná go roghnófar daoine i dteaghlaigh ina bhfuil níos mó oibrithe. Mar shampla, i dteaghlach ina bhfuil duine amháin fostaithe, is ionann an dóchúlacht go roghnófar an duine sin agus 100%, ach titeann sé sin go 50% do dhaoine i dteaghlach ina bhfuil beirt fostaithe. Cruthaítear ualaí roghnúcháin dóchúlachta nó ualaí dearaidh) chun é seo a cheartú. - Ualaí iarshrathaithe
Mar gheall ar dhifríochtaí i ndáil le toilteanas agus infhaighteacht a bheith rannpháirteach sa suirbhé déantar ionadaíocht iomarcach ar roinnt grúpaí agus bíonn grúpaí eile faoi ghannionadaíocht i sampla an EWCS. D'fhonn a chinntiú go dtugann na torthaí léiriú cruinn ar dhaonra na n-oibrithe i ngach tír tá gá le hualú iarshrathaithe. Déantar na hualaí a ríomh trí chomparáid a dhéanamh idir an EWCS agus Shuirbhé an Lucht Saothair (Eurostat) maidir le hinscne, aois, réigiún, gairm agus earnáil ghníomhaíochta geilleagraí na bhfreagróirí. - Ualaí fornáisiúnta
Ní thugtar léiriú (iomlán) ar na difríochtaí idir thíortha maidir le méid a lucht saothair, sa mhéid samplach i ngach tír. D'fhonn a chinntiú go mbíonn ualach níos mó ag tíortha níos mó sna torthaí ar leibhéal Eorpach, ní mór ualaí fornáisiúnta a chur i bhfeidhm nuair atáthar ag déanamh anailísí ar leibhéal Eorpach.
Le haghaidh a thuilleadh faisnéise féach ar an Tuarascáil Ualaithe [.pdf, 3.7MB, i mBéarla amháin].