Infhaighteacht sonraí
Tá sé mar bheartas ag Eurofound na ceistneoirí agus tacair sonraí a chur ar fáil go héasca don phobal. Cuirtear ceistneoirí ar fáil nuair a bhíonn obair allamuigh an tsuirbhé curtha i gcrích. Cuirtear tacair sonraí na suirbhéanna ar fáil dhá bhliain i ndiaidh cur i gcrích na hoibre allamuigh ar a dhéanaí.
Ceistneoirí
Is iad seo a leanas na ceistneoirí is déanaí atá ar fáil:
- An Suirbhé ar Dhálaí Oibre san Eoraip (EWCS)
- An Suirbhé Eorpach ar Chuideachtaí (ECS)
- An Suirbhé Eorpach ar Cháilíocht na Beatha (EQLS)
Is féidir naisc a fháil chuig na ceistneoirí le haghaidh eagráin níos luaithe den suirbhé ar na leathanaigh do na babhtaí suirbhé sainiúla.
Tacair sonraí na suirbhéanna
Stóráiltear tacair sonraí agus ábhair tionlacain de chuid Eurofound leis an UK Data Archive (UKDA) in Essex, sa RA agus cuirtear chun cinn ar líne iad tríd an tSeirbhís um Shonraí Eacnamaíocha agus Sóisialta (ESDS) Idirnáisiúnta [Economic and Social Data Service (ESDS) International].
Tá na sonraí ar fáil saor in aisce do na húsáideoirí cláraithe uile a bhfuil sé i gceist acu iad a úsáid chun críocha neamhbhrabúis. Cuirfear iarratais ar úsáid chun críocha tráchtála ar aghaidh go Eurofound le haghaidh údaraithe.
Ba chóir d'aon duine ar spéis leo sonraí suirbhé Eurofound a úsáid na céimeanna seo a leanas a leanúint:
- Téigh ar láithreán gréasáin an ESDS. Aimsigh na suirbhéanna trí chliceáil ar 'Micro data' ar an mbarra ar thaobh na láimhe clé, ansin cliceáil ar Eurofound
- Ar leathanach Eurofound, cliceáil ar ainm an tsuirbhé ábhartha le haghaidh a thuilleadh faisnéise faoin tacar sonraí
- Cliceáil ar ‘Download/order’. Beidh ort logáil isteach anois le hainm úsáideora agus pasfhocal
- Más ó ollscoil nó coláiste sa RA tú, is féidir logáil isteach ag baint úsáide as an ainm úsáideora agus pasfhocal céanna atá agat chun rochtain a fháil ar sheirbhísí áitiúla d'institiúide.
- Ní mór d'aon duine eile foirm iarratais a chomhlánú le haghaidh ainm úsáideora agus pasfhocail don UK Data Archive http://www.data-archive.ac.uk/sign-up/credentials-application.