Gach ceithre bliana, déanann an suirbhé uathúil uile-Eorpach seo fiosrúchán ar idir chúinsí cuspóireacha shaolta na saoránach Eorpach agus ar a dtuairimí ar na cúinsí sin agus ar a saolta i gcoitinne. Fiosraíonn sé réimse saincheisteanna, amhail fostaíocht, ioncam, oideachas, tithíocht, an teaghlagh, sláinte agus cothromaíocht oibre is saoil. Déanann sé scrúdú ar ábhair shuibiachtúla, amhail leibhéil shonais dhaoine, cé chomh sásta atá siad ina saolta, agus conas a bhraitheann siad cáilíocht a sochaithe.
Tríd an suirbhé a reáchtáil ar bhonn rialta, is féidir freisin príomhthreochtaí i gcáilíocht shaolta dhaoine thar am a rianú. Léiríodh i suirbhéanna roimhe, mar shampla, go mbíonn níos mó deacrachta ag daoine i dtaca le cúrsaí airgeadais ó tosaíodh an ghéarchéim gheilleagrach. I mórán tíortha, measann siad freisin go bhfuil níos mó teannais ann idir daoine ó ghrúpaí eitneacha éagsúla. Agus ar fud na hEorpa, tá níos lú muiníne ag daoine ina rialtais sa lá inniu ná a bhí acu roimhe. Mar sin féin, faigheann daoine an sásamh is mó fós óna saolta teaghlaigh agus óna gcaidrimh phearsanta.
Thar na blianta, forbraíodh an EQLS ina shraith luachmhara tháscairí a chomhlánann táscairí traidisiúnta d'fhás geilleagrach agus caighdeán maireachtála, mar atá GDP nó ioncam. Tá na táscairí EQLS chomh soiléir agus chomh taispeántach is atá GDP, ach tá siad níos cuimsithí i dtaca le gnéithe comhshaoil agus sóisialta an dul chun cinn agus, dá bhrí sin, comhtháite níos éasca isteach sa phróiseas cinnteoireachta, agus glactar leo i ndíospóireacht phoiblí ag leibhéil an AE agus náisiúnta san Aontas Eorpach.
I ngach uain, roghnaíodh go randamach sampla de dhaonra na ndaoine fásta le haghaidh agallaimh duine le duine. Mar gheall ar mhéaduithe ionchais san Eoraip agus leas ó na tíortha EFTA, leathnaíodh clúdach geografach an tsuirbhé le caitheamh ama:
- An chéad EQLS i 2003 - 28 tír: 27 Ballstát an AE móide an Tuirc
- An dara EQLS i 2007-2008 - 31 tír: 27 Ballstát an AE, móide an Chróit, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, an Tuirc agus an Iorua
- An tríú EQLS i 2011-2012 - 34 tír: 27 Ballstát an AE, móide an Chróit, an Íoslainn, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia, an Tuirc agus an Chosaiv
Ina theannta sin, cuireadh roinnt ceisteanna ón dara EQLS mar chuid de shuirbhé Eorabharaiméadair i 2009 a lig don staidéar ar Threochtaí i gcáilíocht na beatha sa AE: 2003-2009.
Cothaíonn sonraí ón EQLS agus ó fhoinsí comhlántacha eile freisin bunachar sonraí leictreonach Eurofound’de tháscairí staidrimh ar cháilíocht na beatha (EurLIFE).
2016
Round 4
33 countries, including the EU Member States, Albania, North Macedonia, Montenegro, Serbia and Turkey
2012
Round 3
34 countries, including the EU Member States, Croatia, Iceland, North Macedonia, Montenegro, Serbia, Turkey and Kosovo
2007
Round 2
31 countries, including the EU Member States, Croatia, North Macedonia, Turkey and Norway
2003
Round 1
28 countries, including the EU Member States and Turkey