Skip to main content

Modheolaíocht suirbhé Eorofound

Tá sé mar aidhm ag obair shuirbhé Eurofound faisnéis ardchaighdeáin a sholáthar ar cháilíocht na ndálaí maireachtála agus oibre san Eoraip. D'fhonn an sprioc seo a bhaint amach díríonn gach suirbhé ar dhaonra éagsúil chun faisnéis shainiúil a aimsiú.

Ceistíonn an Suirbhé ar Dhálaí Oibre san Eoraip oibrithe chun léargas a fháil ar cháilíocht na hoibre agus na fostaíochta.. Díríonn an Suirbhé Eorpach ar Chuideachtaí ar bhainisteoirí agus ionadaithe d'fhostaithe i gcuideachtaí chun faisnéis a bhailiú ar chleachtais sa láthair oibre. Cuireann an Suirbhé Eorpach ar Cháilíocht na Beatha agallamh ar shaoránaigh Eorpacha chun léargas a fháil ar dhálaí maireachtála agus ar bhraistintí maidir le cáilíocht na beatha.

In ainneoin na ndifríochtaí seo i ndáil le spriocdhaonra, tá sé mar aidhm ag Eurfound modheolaíocht suirbhé a chomhchuibhiú nuair is féidir, chun a chinntiú go gcuirtear na ceachtanna a fhoghlaimítear i suirbhé amháin chun feidhme i suirbhé eile.

I gcomhréir le gach tionscadal taighde bíonn baint ag páirtithe leasmhara Eurofound agus saineolaithe sa réimse ábhartha araon le forbairt, forfheidhmiú agus measúnú a dhéanamh ar na babhtaí uile de gach suirbhé, ag cinntiú a n-ábharthachta do lucht déanta beartas agus comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta.

Trí bhaint a bheith ag saineolaithe le forbairt cheistneora, chomh maith le baint a bheith ag ár saineolaithe ar leibhéal náisiúnta leis an bpróiseas aistriúcháin, tá sé mar aidhm ag Eurofound a chinntiú go ngabhann na ceisteanna uile sa suirbhé feiniméin an tsaoil dáiríre a bhfuil sé beartaithe acu a ghabháil (bailíocht).

Trí shamplaí ionadaíochta a roghnú go cúramach, an modh is feiliúnaí chun na ceisteoirí a riar ag baint úsáide as teicneolaíocht den scoth a roghnú, agallóirí le taithí a earcú agus oiliúint chuimsitheach a sholáthar le haghaidh agallóireachta agus códaithe, mar aon le mionseiceáil chríochnúil a dhéanamh ar na sonraí bailithe, ualú sofaisticiúil, agus anailís chuí tá sé mar aidhm ag Eurofound comhsheasmhacht na dtomhas suirbhé a chinntiú (iontaofacht).

Tugtar léiriú breise ar thiomantas de chuid Eurofound i leith faisnéise ardchaighdeáin a sholáthar ina straitéis um dhearbhú cáilíochta do suirbhéanna.

Sampláil

Cibé arb ionann spriocdhaonra suirbhé agus saoránaigh, oibrithe nó bunaíochtai Eorpacha, níl sé indeánta faisnéis a bhailiú ó gach ball den daonra sin. Roghnaítear sampla d'fhreagróirí a thugann léiriú chomh cruinn agus is féidir ar an daonra iomlán.

Tá sé mar aidhm ag Eurofound frámaí samplála den chaighdeán is airde agus is féidir a úsáid. I ngach tír, iarrann sé clár a aimsiú a chlúdaíonn 95% den spriocdhaonra ar a laghad. Maidir leis an ECS cuimsíonn na cláir seo faisnéis teagmhála ar bhunaíochtaí nó ar chuideachtaí más féidir. Maidir leis an EWCS agus an EQLS cuimsíonn na cláir faisnéis de ghnáth ar sheoltaí na dteaghlach agus na ndaoine aonair ó am go ham. San EWCS agus EQLS, nuair nach bhfuil clár dá leithéid ar fáil, gintear liosta d'fhreagróirí féideartha trí nós imeachta ar a dtugtar 'bealach randamach'.

Tá sé mar aidhm ag Eurofound samplaí a tharraingt atá mór go leor le torthaí bailí a thabhairt ar leibhéal na dtíortha aonair agus a thugann léiriú maith go leor ar dháileadh dhaonra na hEorpa chun a bheith in ann ginearálaithe a dhéanamh faoin Eoraip ina iomláine. Éilítear mar chuid den chéad aidhm go mbeadh an méid samplach ar leibhéal tíre in ionannas le 1000 freagróir ar a laghad, ag laghdú nalamhála earráide go leibhéal inghlactha. Is í an dara aidhm is cúis le samplaí níos mó a roghnú i dtíortha níos mó, mar a rinneadh san EWCS agus EQLS is déanaí.

Códú

Tá gá le ceisteanna neamhiata a chur uaireanta .i. ceisteana nach féidir a fhreagairt go díreach le sraith freagraí réamhchinnte. D'fhéadfadh gurb amhlaidh an cás le haghaidh earnála, mar shampla. Déanfaidh an t-agallóir nóta de shonraí iomlána an fhreagra a thugtar ar dtús báire agus sannfaidh sé/sí don chatagóir cuí san aicmiú staidrimh uile-Eorpach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíochta (NACE) é ina dhiaidh sin.

Caithfear códú a chur i bhfeidhm go tipiciúil le haghaidh ceisteanna neamhiata a bhaineann le hioncam, leibhéal oideachais na bhfreagróirí (trí ISCED), chomh maith leis an réigiún ina maireann siad (trí NUTS).

Ualú

Chomh luath agus atá céim na hoibre allamuigh curtha i gcrích, ní mór na tacair sonraí a ualú chun cúiteamh a dhéanamh do chúiseanna éagothroime a d'fhéadfadh a bheith sa sampla. Mar shampla, caithfear an dóchúlacht difriúil a bhaineann le daoine éagsúla a bheith roghnaithe don suirbhé a chur san áireamh go staitistiúil. Má tá an t-aonad (teaghlach/cuideachta) ina bhfuil daoine ag maireachtáil mór, beidh seans níos lú ann go gcuirfear faoi agallamh iad. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh grúpaí freagróirí áirithe a bheith faoi ghannionadaíocht de bharr éagsúlachta sa leibhéal toilteanais a bheith rannpháirteach sa suirbhé. Ní thugtar léiriú (iomlán) ar na difríochtaí idir thíortha maidir le méid a lucht saothair sa mhéid samplach i ngach tír, mar sin, úsáidtear ualú chun a chinntiú go mbíonn ualach níos mó ag tíortha níos mó sna torthaí ar leibhéal Eorpach.

Úsáidtear Suirbhé Lucht Saothair na hEorpa (LFS) go minic mar fhoinse sonraí tagartha chun a mhéid is a dhéanann sonraí ionadaíocht ar dhaonra a mheas.

Cuirtear an mhodheolaíocht in oiriúint do riachtanais sainiúla gach suirbhé - tá a thuilleadh faisnéise ar fáil ar leathanaigh aonair an tsuirbhé.

Exploring the potential of big data for Eurofound research

Surveys have never been the only source of large-scale, quantitative data, and discussions about better integrating data from other sources in social research have been ongoing for quite some time. However, in recent decades, with the increasing connectedness of individuals and organisations to the internet, the amount of data available from sources such as web applications, mobile devices, sensors, video streams and social media has exploded.

In this context, Eurofound is exploring the potential use of big data to complement and contextualise the data from its existing research efforts, its surveys in particular. The project currently focuses on three strands, and this work is discussed in three working papers.

Reflects on the current and possible future opportunities for using big data to enhance sampling frames or even to generate sampling frames for online surveys, and examines the extent to which a full probability approach is achievable or can at least be approximated. Also discusses the possible gains in efficiency.

Offers insight into the most appropriate analytical techniques for collecting and analysing ‘true’ big data (such as the number of people visiting a place or doing an action online, movements of people based on mobile data, and geolocation). Indicates where approaches differ from ‘regular’ statistical analysis, highlights techniques that Eurofound would need to familiarise itself with, and describes the software and hardware requirements.

Explores the potential and limitations of using social media content as a data source and of the various social media platforms to which this approach could be applied (for example, Facebook, LinkedIn and Twitter), using one or more practical examples.

Disclaimer

When freely submitting your request, you are consenting Eurofound in handling your personal data to reply to you. Your request will be handled in accordance with the provisions of Regulation (EU) 2018/1725 of the European Parliament and of the Council of 23 October 2018 on the protection of natural persons with regard to the processing of personal data by the Union institutions, bodies, offices and agencies and on the free movement of such data. More information, please read the Data Protection Notice.