Skip to main content

Faoi Eurofound: C.Canna

Cad é Eurofound?

Gníomhaireacht thrípháirteach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), arb é a ról ná eolas a chur ar fáil i réimse na mbeartas sóisialta agus na mbeartas a bhaineann le hobair. Bhunaigh Rialachán ón gComhairle (CEE) Uimh. 1365/75 Eurofound i 1975, chun cur le pleanáil agus dearadh um dhálaí maireachtála agus oibre níos fearr san Eoraip.

Cad a dhéanann Eurofound?

Baineann príomhghnó Eurofound le taighde agus torthaí an taighde sin a chur in iúl. Tugann sé faoi thionscadail taighde agus forbraíochta, chun sonraí agus anailís a sholáthar d'fhonn eolas agus tacaíocht a thabhairt d'fhoirmiú beartais AE ar dhálaí oibre agus maireachtála. Tá gréasán saineolaithe ag Eurofound ar fud na hEorpa a théann i mbun taighde ar a shon, lena n-áiritear measúnú ar staideanna náisiúnta reatha, ullmhú cás-staidéar agus tuarascálacha náisiúnta agus cur i gcrích suirbhéanna.

Mar chuid dá bhonn taighde, cothaíonn Eurofound roinnt uirlisí monatóireachta:

Conas atá Eurofound eagraithe?

Tá Eurofound á bhainistiú ag Bord Rialúcháin a chuimsíonn ionadaithe rialtas, fostóirí agus oibrithe ó gach Ballstát agus triúr ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach. Léiríonn ionadaíocht seo na rialtas agus na gcomhpháirtithe sóisialta an nádúr trípháirteach atá le hobair na heagraíochta. Tagann an Bord le chéile ar bhonn bliantúil chun beartas a chinneadh, an clár oibre a ghlacadh agus chun an dréachtbhuiséad a mholadh.

Tarraingítear an fhoireann ó roinnt Ballstát agus tá raon leathan taithí ghairmiúil agus cúlraí acu. Ó am go chéile úsáidtear líon beag saineolaithe ar iasacht ó riaracháin náisiúnta.

Lena chois sin cothaíonn Eurofound Oifig Idirchaidrimh sa Bhruiséil, a bhfuil ról déach aici i ndáil le hinfheictheacht agus tionchar thaighde Eurofound ar leibhéal AE a neartú, agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí i gceapadh beartais.

Conas a thugann Eurofound faoina chuid gníomhaíochtaí?

Gach ceithre bliana déanann Eurofound athbhreithniú ar a straitéis agus an díriú atá le tabhairt dá chuid oibre agus tar éis comhairliúcháin fhairsing ullmhaítear clár rollach. Glacadh le clár nua ceithre bliana 2013 - 2016 From crisis to recovery: Better informed policies for a competitive and fair Europe i mí an Mheithimh 2012. I gcomhthéacs an chláir cheithre bliana, ullmhaítear clár oibre bliantúil mionsonraithe agus moltar é le haghaidh ghlactha an Bhoird.

Eascraíonn na cláir mar thoradh ar plé mionsonraithe na ngrúpaí a dhéanann suas an Bord Rialúcháin mar aon leis an bplé le hInstitiúidí an Aontais.

Féach freisin:

An ndéanann Eurofound taighde ar iarratas?

Ní théann Eurofound i mbun taighde ach ar bhonn na gClár Oibre arna nglacadh ag a Bhord Rialúcháin. Mar sin féin, i réimsí ina bhfuil sonraí eiseacha aige, tairgtear seirbhís teoranta tuarascálacha saincheaptha do phríomheagraíochtaí geallsealbhóra.

Cé a íocann as Eurofound?

Tá maoiniú Eurofound mar chuid de bhuiséad ginearálta an Choimisiúin Eorpaigh agus déantar na cistí a leithdháiltear air a chinneadh sa phróiseas buiséadach oifigiúil idir an Coimisiún, Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa. Is ionann buiséad Eurofound don bhliain 2013 agus €16,895,000.

An ndéantar measúnú ar obair Eurofound?

Éilítear ar Eurofound 'measúnuithe rialta ex-ante agus ex-post a dhéanamh ar chláir agus ar ghníomhaíochtaí', i gcomhréir le hairteagal 25 den Rialachán Airgeadais (.pdf, 297KB). Tá an fheidhm monatóireachta agus measúnaithe mar chuid den Aonad Tacaíochta Oibríochtúil agus cintíonn sé measúnú rialta de chláir agus gníomhaíochtaí Eurofound i gcomhréir le dea-chleachtas measúnaithe. Foilsítear tuarascálacha ó mheasúnú eachtrach ar an láithreán gréasáin.

Conas ar féidir liom a thuilleadh eolais a fháil?

Tá na torthaí ó chláir taighde Eurofound foilsithe agus ar fáil, saor in aisce don chuid is mó, ó rannóg na bhfoilseachán den láithreán gréasáin seo. Féadann an pobal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar cháipéisí inmheánacha faoi réir coinníollacha ar leith. Táthar tar éis clár cáipéisí inmheánacha atá ar fáil le híoslódáil a bhunú agus déanfar breis forbartha air le himeacht ama. Tairgtear raon seirbhísí eolais.

Conas ar féidir liom gul chuig Eurofound?

Tá Eurofound lonnaithe ó dheas ó chathair Bhaile Átha Cliath, tuairim agus 16 ciliméadar ó lár na cathrach agus thart ar 1 uair an chloig sa ghluaisteán ó aerfort Bhaile Átha Cliath. An seoladh ná: Teach Bhaile Uí Lachnáin, Bóthar Wyattville, Baile Átha Cliath 18. Féach eolas iompair.

An bhfuil saoráidí Eurofound ar fáil ar cíos?

Tá an tIonad Comhdhála Raymond-Pierre Bodin ar fáil ar cíos. Táthar tar éis an príomh-halla, a thógann suas le 120 rannpháirtí, a fheistiú le teicneolaíocht úrscothach agus tá naoi mboth ateangaireachta ann atá tógtha de réir chaighdeáin ISO. Tá seomraí cruinnithe níos lú ar fáil freisin, formhór acu atá lonnaithe san fhoirgneamh stairiúil Teach Bhaile Uí Lachnáin.

Chun an t-ionad comhdhála a chur in áirithe nó chun infhaighteacht a sheiceáil, téigh i mbun teagmhála le do thoil le ConferenceCentre@eurofound.europa.eu nó glaoigh ar +353 1 204 3100.

Disclaimer

When freely submitting your request, you are consenting Eurofound in handling your personal data to reply to you. Your request will be handled in accordance with the provisions of Regulation (EU) 2018/1725 of the European Parliament and of the Council of 23 October 2018 on the protection of natural persons with regard to the processing of personal data by the Union institutions, bodies, offices and agencies and on the free movement of such data. More information, please read the Data Protection Notice.