De réir mar a thugann Eurofound faoi chlár oibre ceithre bliana nua, tá cuid de na dúshláin is mó riamh os comhair na hEorpa. Tá na hionchais le haghaidh forbartha eacnamaíche agus sóisialta san Eoraip agus i gcodanna eile den domhan ag éirí níos neamhléire. Dréachtaíodh é i bhfianaise an chúlra shóisialta agus eacnamaíoch seo agus leis na príomhriachtanais seo chun tosaigh, agus mar sin léiríonn tosaíochtaí an chláir seo an dúshlán reatha de dhéileáil leis an ngéarchéim agus an uaillmhian mheántéarmach de dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo Eoraip atá iomaíoch agus cothrom – agus an méid sin, dár ndóigh, leis an uaillmhian fhoriomlán d’Eoraip a chur ar an mbealach ceart arís. Ag cur le breis agus 30 bliain de thaighde agus saineolas ag freastal ar chinnteoirí na hEorpa – institiúidí AE, rialtais náisiúnta agus páirtithe sóisialta – cuireann an clár seo an creat straitéiseach i láthair le haghaidh obair an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú.
- Reference nº
-
EF1252