The work-life challenges of women and men
In this episode of Eurofound Talks, recorded for International Women's Day 2023, Mary McCaughey speaks with Eurofound Working Life researchers Jorge Cabrita and Viginta Ivaškaitė-Tamošiūnė about how, when paid and unpaid work are combined, women do eight full-time weeks more work than men per year, and the broader implications of this for society. They also discuss how indicators of work-life balance and work-life conflict differ for women and men, as well as the policy action that can be taken to improve gender equality in Europe.
Éist leis an eipeasóid podchraolta seo
Is féidir leat éisteacht leis an eipeasóid seo thíos nó ar an ardán podchraolta de do rogha féin.
Coinnigh i gcuimhne go bhfuil an chuid is mó de na heachtraí podchraolta Eurofound ar fáil i mBéarla amháin. Is gnách go mbíonn an tras-scríbhinn d'eipeasóid ar fáil i dteangacha breise.
This audio is hosted by a third party, Spotify.
By clicking on the button to play the audio you accept their terms and conditions .
Cainteoirí san eipeasóid seo
Mary McCaughey
Head of UnitTá Mary McCaughey ina Ceannasaí Faisnéise agus Cumarsáide in Eurofound. Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Coláiste na hEorpa, Bruges, thosaigh sí ag obair sa Bhruiséil le Europolitics agus leis an Wall Street Journal Europe. D'oibrigh sí le Cumann na bParlaiminteoirí Eorpacha leis an Afraic (AWEPA) san Afraic Theas le linn aistriú na tíre chuig an daonlathas, agus i 1998 ghlac sí le post urlabhraí le Toscaireacht an Aontais Eorpaigh i Pretoria, agus í i gceannas ar a rannóg preasa agus faisnéise le linn chaibidlíocht an chomhaontaithe saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Afraic Theas. Tar éis dheireadh Chogadh na Cosaive, d'oibrigh sí mar chomhairleoir cumarsáide don Ghníomhaireacht Eorpach um Atógáil sa tSeirbia. Chuaigh sí i mbun oibre mar Phríomh-Eagarthóir in Eurofound in 2003.
Jorge Cabrita
Senior research managerIs bainisteoir taighde sinsearach é Jorge Cabrita san aonad Saol Oibre. Tá sé freagrach as taighde ar fud na hEorpa a fhoirmiú, a chomhordú agus a bhainistiú, agus as scaipeadh torthaí i réimsí na ndálaí oibre agus an chaidrimh thionsclaíoch a chur chun cinn. I measc na bpríomhréimsí spéise taighde atá aige tá dálaí oibre agus cáilíocht an phoist, am oibre agus cothromaíocht oibre agus saoil, sláinte agus folláine oibrithe, comhionannas inscne agus tionchair shocheacnamaíocha an aistrithe chuig geilleagar neodrach ó thaobh na haeráide de. Tá sé i gceannas ar thaighde faoi láthair ar fhorbairtí ama oibre agus ar idirphlé sóisialta agus cómhargáil le linn phaindéim COVID-19. Roimhe sin, d'oibrigh sé mar thaighdeoir ag an Ionad Staidéir um Idirghabháil Shóisialta agus ag an Ionad Taighde ar Gheilleagar na Portaingéile i Scoil Eacnamaíochta Liospóin, agus mar oiliúnóir agus mar chomhairleoir i réimsí na bainistíochta straitéisí, na cumarsáide eagraíochta, na ceannaireachta agus na tógála foirne. Tá BSc san Eacnamaíocht agus MSc aige i gCórais Soch-Eagrúcháin Gníomhaíochta Eacnamaíochta ó Scoil Eacnamaíochta Liospóin.
Eipeasóid podchraolta a foilsíodh le déanaí




)